Sarah Palin
Sarah Palin | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
Nollaig 4, 2006 - Iúil 26, 2009 ← Frank Murkowski - Sean Parnell → Toghchán: 2006 Alaska gubernatorial election (en) ![]() | |||
Saol | |||
Ainm iomlán | Sarah Louise Heath | ||
Eolas breithe |
Sandpoint (en) ![]() | ||
Náisiúntacht | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||
Áit chónaithe |
Idaho Alasca Wasilla, Alasca | ||
Grúpa eitneach |
Dúitsigh Gael-Mheiriceánaigh | ||
Muintir | |||
Athair | Charles Richard 'Chuck' Heath | ||
Máthair | Sarah 'Sally' Sheeran | ||
Céile/Céilí | Todd Palin (Lúnasa 29, 1988 - Márta 23, 2020) | ||
Páistí |
liosta iomláin
| ||
Oideachas | |||
Alma mater |
Ollscoil Haváí, Hilo Wasilla High School (en) ![]() Hawaii Pacific University (en) ![]() (1982 - 1982) : administration (en) ![]() North Idaho College (en) ![]() (1983 - 1983) Matanuska–Susitna College (en) ![]() (1985 - 1985) University of Idaho (en) ![]() (1986 - 1987) céim bhaitsiléara : iriseoireacht | ||
Teangacha | An Béarla | ||
Gairm | |||
Gairm | polaiteoir, dírbheathaisnéisí, mainicín agus gníomhaí frith-vacsaín | ||
Meachán | 57 kg | ||
Duais |
liosta iomláin
| ||
Ainmníodh é/í le haghaidh |
liosta iomláin
| ||
Creideamh | |||
Reiligiúin |
An Chríostaíocht An Protastúnachas Protastúnachas Shoiscéalach Cincíseachas Assemblies of God (en) ![]() Nondenominational Christianity (en) ![]() Caitliceachas | ||
Páirtithe polaitíochta | Páirtí Poblachtach | ||
IMDb | nm3126606 | ||
sarahpalin.com | |||
![]() |
Is polaiteoir Meiriceánach í Sarah Louise Heath Palin (rugadh ar 11 Feabhra 1964) agus is iar-ghobharnóir Stáit Alasca í. Is ball den Pháirtí Poblachtach í.
Ba bhall de Chomhairle Cathrach Wasilla in Alasca í ó 1992 go 1996 agus toghadh í mar Mhéara Wasilla dhá uaire ó 1996 go 2002. Rinne sí iarracht post mar Leas-Ghobharnóir Alasca a bhaint amach sa bhliain 2002 ach theip uirthi. Ba Chathaoirleach ar Choimisiún Caomhantais Ola agus Gáis, Alasca í ó 2003 go 2004 agus ba Mhaoirseoir Eitice an Choimisiúin í ag an am céanna.
Toghadh í mar Ghobharnóir Alasca i Mí na Samhna, 2006. Ba í an chéad bhean agus an duine is óige riamh chun na hoifige sin a bhaint amach. Bhuaigh sí ar an sealbhóir Poblachtach, Frank Murkowski, sa réamhthoghchán agus bhuaigh sí ar iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh, Tony Knowles, san olltoghchán. Fuair sí 48.3% de na vótaí i gcomparáid le 40.9% ag Knowles.
D'fhógair John McCain ar 29 Lúnasa, 2008 gurb í iarrthóir an Pháirtí Phoblachtaigh le haghaidh phost an Leas-Uachtaráin sa toghchán 2008. Ainmníodh í ag Comhdháil Náisiúnta na bPoblachtach i St. Paul, Minnesota sa bhliain 2008.
D'éirigh sí as mar ghobharnóir ar 26 Iúil, 2009. Scríobh sí (le cabhair) leabhar sár-dhíola faoin a saol féin, Going Rogue: An American Life.