Saoránaigh um Fhreagracht agus Eitic i Washington

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaSaoránaigh um Fhreagracht agus Eitic i Washington
Sonraí
Cineáleagraíocht neamhbhrabúis Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlícorparáid Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh2003
Bunaitheoir(í)Norman L. Eisen agus Melanie Sloan (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtDavid Brock (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán1,928,131 $ (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáincitizensforethics.org Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: citizensforethics Twitter: CREWcrew Mastodon: CREW@mstdn.social Instagram: citizensforethics Cuir in eagar ar Wikidata

Is grúpa faire dlí neamhpháirtíoch é Saoránaigh um Fhreagracht agus Eitic i Washington (SFEW) (Béarla:Citizens for Responsibility and Ethics in Washington (CREW) ), a bunaíodh sa bhliain 2003. [1] [2] [3]" I láthair pholaitiúil ina dtugtar tús áite do bhrabúis thar eitic agus ina ndéanann airgead anaithnid dochar don phróiseas daonlathach, tarraingíonn an SFEW aird ar na sáruithe seo ar an dlí agus ar mhí-úsáidí cumhachta trí thaighde ionsaitheach agus trí chaingean dlí. [4]

I measc a chuid gníomhaíochtaí tá mí-iompar rialtais a imscrúdú, a thuairisciú agus a dhlíthiú, nochtadh faisnéise rialtais a iarraidh agus a chomhdú trí iarratais ar Shaoráil Faisnéise, agus gearáin chomhdhálacha eitice a chomhdú i gcoinne daoine aonair, institiúidí agus gníomhaireachtaí.[5] [3] I measc a chuid tionscadal bhí "CREW's Most Corrupt Members of Congress ", tuarascáil bhliantúil ina liostaíonn an SFEW na daoine a chinneann sé a bheith ar na polaiteoirí is corbaí de chuid Rialtas Feidearálach na Stát Aontaithe Ó 2005 agus 2014 d'ainmnigh na tuarascálacha bliantúla 25 Daonlathach agus 63 Poblachtach .

Toghadh David Brock ina chathaoirleach ar an SFEW in 2014 agus d’éirigh sé as a phost in 2016. Tháinig Richard Painter ina áit, a chuaigh ar chead neamhláithreachta chun dul san iomaíocht mar Dhaonlathach i dtoghchán speisialta Seanad SAM i Minnesota 2018 . Faoi cheannaireacht Painter, bhain an SFEW leas as dhlíthíocht ionsaitheach i gcoinne riarachán Trump, ar thug sé an "most unethical presidency" i stair na SA. Thionscain an FFEW 41 cás dlí le linn riarachán George W. Bush, 38 le linn riarachán Barack Obama agus, faoi Eanáir 2018, 180 i gcoinne riarachán Trump. [6]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chomhbhunaigh Norman L. Eisen agus Melanie Sloan 'Citizens for Responsibility and Ethics in Washington' in 2003, i measc cúiseanna eile, mar fhrithbheart liobrálach / forásach in aghaidh ghrúpaí faire coimeádacha ar nós Judicial Watch. Ar dtús, bhainistigh Sloan an eagraíocht nua léi féin; faoi 2007, bhí 13 bhall foirne ag an eagraíocht. [7] [8] Faoi 2016, bhí ceathrar dlíodóir ar fhoireann an ghrúpa.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  2. Secret House GOP Vote Guts Ethics Panel, Prompts Outcry; U.S. News & World Report; Gabrielle Levy; January 3, 2017
  3. 3.0 3.1 Washington Information Directory 2017-2018; CQ Press; 2017; Pg. 327
  4. MEDIA CONTACT INFORMATION
  5. About CREW”. Citizens for Responsibility and Ethics in Washington. Cartlannaíodh an bunleathanach ar September 5, 2012. Dáta rochtana: May 16, 2012.
  6. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  7. Linda Burstyn (Winter 2007). "The Most Feared Woman on Capitol Hill?". Dáta rochtana: November 11, 2015. 
  8. Q&A Interview with Melanie Sloan, Citizens for Responsibility and Ethics in Washington (CREW); C-SPAN Transcripts; May 13, 2009.