Santiago Calatrava
Cuma



Ailtire, innealtóir agus ealaíontóir Spáinneach is ea Santiago Calatrava Valls a rugadh ar 28 Iúil 1951 i Benimàmet, Valencia. Déanann sé dealbhóireacht agus péintéireacht ach is é a shaothair ailtireachta a ghnóthaigh clú dó.
Aithnítear é as stíl nua-thodhchaíoch shainiúil na struchtúr a dhearann sé. Droichid agus stáisiúin traenach a dhear sé sa chuid ba mhó ar dtús, mar shampla Droichead Samuel Beckett i mBaile Átha Cliath. Ach tá foirgnimh deartha aige anois freisin.
Tá oifigí aige i Nua-Eabhrac, Doha agus Zurich. Tá cónaí air i Zurich.

Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |