Samáraigh (carthanas)
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | carthanas |
| Réimse oibre | suicide prevention (en) |
| Foirm dlí | carthanas |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 1953 |
| Bunaitheoir(í) | Chad Varah |
| Gníomhaíocht | |
| Líon saorálaithe | 22,290 (2020) |
| Rialachas corparáideach | |
| Ceanncheathrú | |
| Líon fostaithe | 164 (2017) |
| Táscaire eacnamaíoch | |
| Ioncam iomlán | 19,142,000 £ (2017) |
| Suíomh gréasáin | samaritans.org |
Cuireann na Samáraigh seirbhís tacaíochta ar fáil do dhaoine atá ag brácáil leis an saol agus nach bhfuil tuile éadóchais dá mhéad nach dtránn. Tá an an tseirbhís le fáil in Éireann agus sa Ríocht Aontaithe.[1] Cuireann na Samáraigh seirbhís tacaíochta ar fáil freisin don eagraíocht seandaoine ALONE agus d'Éireannaigh thar lear.
In 2020, mífholláine intinne, uaigneas agus imní faoi Covid-19 na nithe ba mhó a bhí ag cur as do dhaoine a ghlaoigh ar na na Samáraigh.[1]
In 2024, bhain an imní is mó a bhí ar dhaoine a ghlaoigh ar na Samáraigh le cúrsaí meabhairshláinte nó le tinneas agus le huaigneas chomh maith le fadhbanna teaghlaigh.[2]

Na Samáraigh in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]In Éirinn, sa bhliain 2020, chaith 2,300 oibrí deonach os cionn 100,000 uair an chloig ag plé le breis agus 560,000 glao agus ríomhphost.
Sa bhliain 2024, freagraíodh 470,000 glaoch, tuairim is 1,200 glaoch gach lá (nó 50 glaoch gach uair an chloig). Thug oibrithe deonacha 100,000 uair an chloig do thacaíocht agus ar an meán mhair glaochanna tuairim is 28 nóiméad.[2]
Teagmháil
[cuir in eagar | athraigh foinse]In Éirinn,is féidir glaoch ar na Samáraigh ar 116 123
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2021-09-08). "Glao ar chúnamh curtha ar na Samáraigh gach 56 soicind" (as ga-IE).
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2025-05-21). "D'fhreagair na Samáraigh 50 glaoch gach uair an chloig i 2024" (as ga-IE).