Suíceachas (reiligiún)
Ainmnithe in ómós | guru-shishya tradition (en) | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Cineál | mórchreideamh stíl bheatha | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1469, Puinseáb | ||||
Bunaitheoir(í) | Guru Nanak | ||||
' | Guru Granth Sahib (en) | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ballraíocht | 23,000,000 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Cuid de | Bhakti movement (en) | ||||
Reiligiún is ea an Suíceachas[1] a tháinig ar an bhfód i dTuaisceart na hIndia sa chúigiú haois déag. Tá an Suíceachas bunaithe ar theagaisc an Ghurú Nanak, a chuir bun leis an gcreideamh, chomh maith le naonúr gúrúnna eile a lean sna sála aige. Thairis sin, is gnách leis na Suícigh dearcadh ar a leabhar naofa mar "ghurú beo". Is é an t-ainm a thugann siad ar an scrioptúr seo ná Guru Granth Sahib.
Bunús
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an focal féin Suíceach nó Sikh bunaithe ar an téarma Sanscraite Śiṣya, a chiallaíonn "deisceabal" nó "dalta". Creideann na Suícigh i nDia, a dtugann siad Vāhigurū nó "An Tiarna Iontach" air. An dóigh a samhlaítear Dia do na Suícigh, áfach, níl Sé daonchruthach, nó is féidir a rá gurb ionann É agus an ollchruinne ar fad. Tá blas pandiachais ar an Suíceachas mar sin. Is é an dóigh a lorgann na Suícigh an slánú ná an mharana dhiansmachtúil in ainm Dé.
Caithfidh an Suíceach fíréanta aird a thabhairt ar theagasc na nGurúnna, chomh maith le Gurú Granth Sahib, an "gurú i bhfoirm leabhair", nó scrioptúr naofa na Suíceach. Is éard atá ann ná díolaim téacsanna le scríbhneoirí éagsúla, ar aithin Gurú Arjan Shev, cúigiú Gurú an tSuíceachais, fiúntas reiligiúnda nó morálta iontu.
B'é Gobind Singh, an deichiú Gurú, a shocraigh téacs deifnídeach an scrioptúir.
Tugtar gurduárá ar an teampall Suíceach, agus caithfidh gach gurduárá Ek Onkar, siombail Dé, a choinneáil le feiceáil, cosúil leis an dóigh a dtaispeánann na heaglaisí Críostaí an chros.
An Suíceachas in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá timpeall is míle Suíceach ina gcónaí in Éirinn, an chuid is mó acu sa phríomhchathair agus máguaird. Tá gurduárá acu i nDumhach Thrá, Baile Átha Cliath.
I dTuaisceart Éireann, is í Doire an lárionad is mó Suíceachais, nó chuir dornán d'iarshaighdiúirí Suíceacha a throid in Arm na Breataine fúthu ansin i dtús na 1920idí.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Suíceachas” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-22.