Sœur Sourire
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (fr) Jeanne-Paule Marie Deckers 17 Deireadh Fómhair 1933 Laeken - Laken (an Bheilg) |
| Bás | 29 Márta 1985 51 bliana d'aois Wavre (an Bheilg) |
| Siocair bháis | Féinmharú (Nimhiú) |
| Áit adhlactha | cimetière de Wavre (fr) |
| Faisnéis phearsanta | |
| Ainm cleite | Sœur Sourire (1962–1966) The Singing Nun (1962–1966) Luc Dominique (1967–1969) |
| Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Chaitliceach Lováin |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Na taibhealaíona |
| Gairm | siúr (1959–1966), drawing teacher (en) |
| Tréimhse oibre | 1963 – 1985 |
| Seánra | Ceol tíre traidisiúnta |
| Teangacha | An Fhraincis |
| Ord crábhaidh | Doiminicigh |
| Uirlis | Giotár agus ceol gutha |
| Lipéad ceoil | Philips Records |
Gradam a fuarthas
| |
Ainmnithe do
| |
| Suíomh gréasáin | singingnun.net |
Ba é Soeur Sourire (nó Siúr an Mhiongháire sa Ghaeilge) ainm stáitse Jeanne-Paule Marie (nó Jeanine) Deckers, bean rialta Bheilgeach a thuill cáil mar amhránaí. Rugadh í ar an 17 Deireadh Fómhair, 1933 agus fuair sí bás ar an 29 Márta, 1985. An tSiúr Luc-Gabriel an t-ainm reiligiúnda a bhí uirthi. Chuaigh sí sna Doiminicigh sa bhliain 1959 agus, sa bhliain 1963, bhí ráchairt ar fud an domhain ar an amhrán Dominique, a chum sí féin agus a chan sí chun sochair a hoird. D'fhág sí an t-ord, agus ón mbliain 1967 rinne sí a slí bheatha faoin ainm Luc Dominique. Agus na húdaráis chánach sa Bheilg ina diaidh, chuir sí lámh ina bás féin sa bhliain 1985.