Súiteoir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Péacán a fhásann amach ó fhréamh, fad éigin ón mbunphlanda de ghnáth, agus a fhásann a chóras fréamhacha féin ar deireadh, ag éirí neamhspleách ar an mbunphlanda. Táirgeann cuid mhaith crann súiteoirí go flúirseach, agus thar am, cruthaítear fáschoillte.