Súil Londan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Súil Londan

Roth breathnaithe ar an taobh ó dheas d'abhainn na Tamaise. Osclaíodh mar chuid de cheiliúradh na mílaoise i 2000 í. Dhear na hailtirí David Marks is Julia Barfield í. 135 m ar airde, ar mheáchan 1,500 tonna, 32 cochall uirthi a iompraíonn paisinéirí ar feadh leathuaire. Ón uasairde, is féidir radhairc 42 km amach a fheiceáil ach an lá a bheith soiléir glan.