Sólfá tonach
Appearance
Córas nodaireacht cheoil a cheap John Curwen, bunaithe ar chóras Guido d'Arezzo, ina dtugtar ainm do gach airde (nóta): dó, ré, mí, fá, só, lá, tí. Baintear feidhm as comharthaí eile d'fhad gach nóta, gach sos, is gach gléasaistriú ochtaigh. Foghlaimítear an córas seo i ranganna amhránaíochta ar scoil le cairt scála nó modhnaitheoir.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Sólfá tonach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 614.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |