Jump to content

Síle Denvir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSíle Denvir
Beathaisnéis
BreithIndreabhán Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge agus Béarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreIdirdhiscíplineacht, sean-nós, na taibhealaíona, an taibhfhilíocht, ceol Gaelach agus amhránaíocht Ghaeilge na hAlban
Gairmamhránaí, cláirseoir, ollamh cúnta Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
UirlisCeol gutha agus cláirseach

Suíomh gréasáinsiledenvir.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: sile.denvir Twitter: siledenvir Instagram: siledenvir Youtube: UCmml0xa6c4O9yvZ24D1xYjA Bandcamp: siledenvir Spotify: 7qV2Kl2oKIzZG7FnlhaE8G iTunes: 559805389 Deezer: 10336414 Cuir in eagar ar Wikidata

Is amhránaí sean-nóis, cláirseoir, agus scoláire idirdhisciplíneach í Síle Denvir. Tá suim aici in amhránaíocht na Gaeilge ach go háirithe. Rugadh agus tógadh in Indreabhán.[1]

Tá riar páipéir léannta foilsithe aici faoi thraidisiún na hamhránaíochta, ina measc Ó Shuantraí go Goltraí: Léiriú ar Ghlór na mBan sna hAmhráin Dhúchasacha Gaeilge in eagrán 53 de LCC, aiste a thugann léargas pearsanta mar chleachtóir ar a rogha amhrán ó dhearcadh na mná sa dá sheánra amhrán sin.[2]

Albaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Anamnesis (2023)
  • Caithréim (2016)

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gradaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bronnadh Gradam Ceoil TG4 d'Amhránaí na Bliana 2023 uirthi.[1]

Thug sí léi Gradam NÓS in 2017 d'Albam na Bliana (Amhráin Thraidisiúnta) i gcomhair a halbaim Caithréim, atá bunaithe ar an gceol agus ar na hamhráin i ndrámaí Phádraig Mhic Phiarais. In 2024, thuil Anamnesis ainmniúchán sa chatagóir chéanna chomh maith leis an mbua sa chatagóir Ealaín na Bliana. Sa bhliain chéanna, fuair Denvir ainmniúchán sa chatagóir Físeán na Bliana as an bhfíseán ceoil a rinne sí don amhrán Eileanóir a Rún leis an bhfile Laighneach Cearbhall Ó Dálaigh.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]