Sícifisic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Modhanna oibre a bhunaigh Gustav Fechner i 1860 chun na gaolta idir spreagadh fisiciúil is mothúcháin a mhíniú i bhfoirm dlíthe. Forbraíodh tomhais ar íogaireacht ina dteicníochtaí diana, bunaithe ar theoiric brath comharthaí, agus léiríonn siad teorainneacha na haireachtála a éiríonn as airíonna an ghairis chéadfaigh. Níl na saineolaithe ar aon intinn faoi na modhanna grádaithe sna tomhais seo, a dhéanann iarracht méid na hiarmharta a thomhas de réir méid an spreagtha. Baintear feidhm as an dá mhodh oibre chun cumais aireachtála a thomhas maidir le haireachtáil na haghaidhe, an ghutha, an cheoil, íomhánna is eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sícifisic". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 597.