Jump to content

Séimhiú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I dteangeolaíocht na Gaeilge, is éard is séimhiú ann ná athrú a chuirtear i bhfeidhm ar chonsain i gcomhthéacsanna comhréireacha áirithe. Mar shampla, deirtear “ciall” /ciəl̪ˠ/, ach “mo chiall” /​mˠə ˈçiəl̪ˠ/, leis an consan cuimilteach /ç/ in áit an chonsain phléascaigh /c/. Sa teangeolaíocht go ginearálta, tá an scéal beagáinín casta ó thaobh téarmaíochta de. Úsáidtear an téarma “séimhiú” ar choincheap i bhfad níos leithne, ar aon athrú a dhéanann consan níos sonda. Cuimsíonn sé seo séimhiú na Gaeilge, ach cuimsíonn sé freisin an t-athrú tosaigh ar a dtugtar an t-urú i nGaeilge, rud a d'fhéadfadh mearbhall a chur ar chainteoirí Gaeilge atá ag plé le cúrsaí teangeolaíochta.

/b/ → /w ~ vˠ/ bán /bˠɑːn̪ˠ/ → fuinneog bhán /fˠ​ɪ.n̠ʲoːɟ wɑːn̪ˠ/ nó /fˠɪ.ˈnʲoːɟ vˠɑːn̪ˠ/
/bʲ/ → /vʲ/ bean /bʲan̪ˠ/ → an bhean /ə​ vʲan̪ˠ/
/k/ → /x/ caol /kiːl̪ˠ/ → an-chaol /an̪ˠˈxiːl̪ˠ/
/c/ → /ç/ ciall /ciəl̪ˠ/ → mo chiall /​mˠə ˈçiəl̪ˠ/
/d̪/ → /ɣ/ dún /d̪ˠuːn̠ʲ/ → dhún /ɣuːn̠ʲ/
/d̠ʲ/ → /ʝ/ díol /d̠ʲiːl̪ˠ/ → dhíol /ʝiːl̪ˠ/
/ɡ/ → /ɣ/ gaol /ɡiːl̪ˠ/ → mo ghaol /mˠə ˈ​ɣiːl̪ˠ/
/ɟ/ → /ʝ/ gé /ɟeː/ → a ghé /ə ˈʝeː/
/m/ → /w ~ vˠ/ mór /mˠoːɾˠ/ → an-mhór /an̪ˠ.ˈwoːɾˠ/ nó /an̪ˠˈvˠoːɾˠ/
/mʲ/ → /vʲ/ mic /mʲɪc/ → a mhic /ə ˈvʲɪc/
/pˠ/ → /fˠ/ poc /pˠʌk/ → phoc /fˠʌk/
/pʲ/ → /fʲ/ pioc /pʲʊk/ → phioc /fʲʊk/
/sˠ/ → /h/ suíochán /sˠiː.xɑːn̪ˠ/ → mo shuíochán /mˠə ˈhiː.xɑːn̪ˠ/
/ɕ/ → /h/ nó /ç/ Síle /ɕiːlʲə/ → a Shíle /ə ˈhiːlʲə/; Seán /ɕɑːn̪ˠ/ → a Sheáin /ə ˈçɑːn̠ʲ/
/t̪ˠ/ → /h/ tóg /t̪ˠoːɟ/ → thóg /hoːɟ/
/t̠ʲ/ → /h/ tit /t̠ʲɪt̠ʲ/ → thit /hɪt̠ʲ/
/f/ → Ø fág /fˠɑːɡ/ → d'fhág /d̪ˠɑːɡ/