Sondas
Sa teangeolaíocht, is éard is sondas ann ná treise fuaimeanna cainte i gcomparáid le fuaimeanna eile a bhfuil an airde, an fad, agus an bhéim chéanna acu.[1] Dá bhrí sin, tá baint láidir idir sondas agus aimplitiúid na fuaime;[2] mar shampla, nuair a fhuaimnítear an guta [a], bíonn fuaim níos treise aige ná ag an stop [t], mar sin rangaítear [a] níos airde ná [t] ó thaobh sondais de. Tá na haidiachtaí “sonda” agus “consanta” ann freisin; deirtear go bhfuil [a] “níos sonda” ná [t] agus go bhfuil [t] “níos consanta” ná [a].
Tugann go leor taighdeoirí sainmhíniú ar shondas i dtéarmaí athshondas na fuaime in áit a haimplitiúide.[2] De réir an tsainmhínithe seo, bíonn sé níos deacra fuaimeanna a bhfuil sondas níos airde acu a mhúchadh le torann timpeallachta.[2]
Scála Sondais
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Sondas is airde ag barr an tábla | Samplaí |
|---|---|
| gutaí oscailte | /a ə/ |
| meánghutaí | /e o/ |
| ardghutaí | /i u j w/ |
| flapaí | [ɾ] |
| consain thaobhacha | /l/ |
| consain shrónacha | /m n ŋ/ |
| cuimiltigh ghlóracha | /v ð z/ |
| cuimiltigh neamhghlóracha | /f θ s/ |
| pléascaigh ghlóracha | /b d g/ |
| pléascaigh neamhghlóracha | /p t k/ |
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Peter Ladefoged (1 Eanáir 2010). "A Course in Phonetics". Cengage Learning. ISBN 978-1-4282-3126-9.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Ohala, John J. (1992). "Alternatives to the sonority hierarchy for explaining segmental sequential constraints". Papers on the Parasession on the Syllable: 319–338.