Séamas Ó Catháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSéamas Ó Catháin
Beathaisnéis
Breith1779
Bás6 Feabhra 1864
84/85 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata

File agus scríobhaí Ciarraíoch ba ea Séamas Ó Catháin. Thugtaí Séamas NeamhurchóideachSéamas an Fhíodóra air. Rugadh timpeall na bliana 1779 é agus fuair bás ar an 6 Feabhra 1864 in aois cúig bliana is ochtó: mhair a chuimhne sa bhéaloideas agus bailíodh scéalta faoi san fhichiú céad. Bhí cónaí air i dTuairín Eochaidh (Túirín an Chuig), i. baile fearainn Chill Mhainchín i mBrosnach, paróiste atá suite i dtuaisceart an chontae. Meastar gur ó Chorcaigh a tháinig a mhuintir ar dtús agus gur chuireadar fúthu ar na Foidhrí sular aistríodar go Brosnach. Fíodóir agus feirmeoir a bhí ann. Ba é Séamas Ó Catháin a scríobh an lámhscríbhinn dheiridh a tháinig anuas chugainn óna cheantar dúchais.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Lámhscríbhinn Ghaeilge Ó Thuaisceart Chíarraí, le Pádraig De Brún, Studia Hibernica, uimhir 4 (1964), lgh 197-208