Sárheitridín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An teicníocht is coitianta a úsáidtear i nglacadóir raidió. Athraítear an comhartha glactha ón ardmhinicíocht tarchurtha (an radaimhinicíocht) go dtí minicíocht idirmheánach trí é a mheascadh le comhartha ar mhinicíocht níos lú a ghintear sa ghléas glactha ina ascaltóir áitiúil. Is fusa an comhartha ag an minicíocht idirmheánach a phróiseáil is an fuaimchomhartha nó an físchomhartha a bhaint as ná déileáil go díreach leis an gcomhartha glactha radaimhinicíochta.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sárheitridín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 577.