Sárú comhchuingeacht luchta is paireachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I bhfisic na gcáithníní, sárú phrionsabal bunúsach na siméadrachta, a bhraith na fisiceoirí Meiriceánacha James Watson Cronin is Val Logsdon Fitch (1923-) is iad ag déanamh taighde ar chéóin (cáithníní fonúicléacha, saghas méasóin). Seasann an C anseo do chomhchuingeacht luchta (nó paireacht luchta), an t-oibriú i meicnic chandamach ina n-athraítear cáithnín ina fhrithcháithnín. Seasann P do phaireacht, an t-oibriú ina n-athraítear comhordanáidí ciotógacha ina gcomhordanáidí deasógacha. Le sárú CP, is féidir dearbhshainmhíníu a dhéanamh ar dheaslámhaí is ciotaí sa Chruinne. Baineann sé le barrthroime damhna thar fhrithdhamhna sa Chruinne. Ach ní thuigtear a mheicníocht ná a ról. Sáraíonn na céóin siméadracht an amchúlaithe T ionas go n-imchoimeádtar an comhchuingriú bunúsach CPT. Tháinig an chéad fhianaise le sárú CP maidir le B-mhéasóin chun solais i 1999.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sárú comhchuingeacht luchta is paireachta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 577.