Ródú
Cuma
Is é is ródú ann ná an próiseas ina n-aimsítear cosán trí líonra ó nód foinseach go dtí nód sprice. Tugtar ródairí ar nóid a bhíonn ag ródú. Caithfidh ródairí tábla ródúcháin a choinneáil. Stóráiltear an t-eolas seo a leanas sa tábla ródúcháin:
- na seoltaí ar fad atá ar an líonra
- an chéad chéim eile atá le tógáil le seoladh a shroicheadh
Tá dhá bhealach ann leis an tábla ródúcháin a nuashonrú:
- ródú statach - gintear an tábla ródúcháin uair amháin ag an tús
- ródú dinimiciúil - gintear agus nuashonraítear an tábla ródúcháin go rialta agus go huathoibríoch trí ródairí ag malartú eolais faoin trácht ar an líonra.
Baintear i bhfad níos mó úsáide as ródú dinimiciúil ná ródú statach mar gheall ar a sholúbthacht.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |