Rubar aiceanta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Mar a thairgtí i dtosach é, is éard is rubar aiceanta ann, ar a dtugtar freisin rubair Indiachcaoutchouc, ná polaiméirí oiriúnacha den comhdhúil orgánach isipréin ,le heisíontaisí beaga de chomhdhúile orgánacha eile, móide uisce. Tugtar leaistiméirí ar fhoirmeacha de phoilisipréin a bhíonn úsáideach mar rubair aiceanta. Faoi láthair, saothraítear rubar go príomha i bhfoirm laitéise ó chrainn áirithe. Is éard is laitéis ann ná collóideach bhainniúil ghreamaitheach, a bhaintear amach as choirt tré ghearradh agus bailítear an sreabhán i soithí i bpróiseas ar a dtugtar "bearnú". Scagtar an laitéis ansin go dtí rubar, réidh le haghaidh próiseála tráchtála. Baintear úsáid as rubar aiceanta go forleathan i go leor feidhmeanna agus táirgí, ina aonar nó in éineacht le hábhair eile. Sa chuid is mó dá fhoirmeacha úsáideacha, bíonn cóimheas sínteach mór aige, athléimneacht ard, agus bíonn sé an-uiscedhíonach.

Laitéis á mbailiú ó chrann rubair Hevea brasiliensis
Fáschoill rubair na Téalainne