Collóideach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Collóideach

Ábhar atá ilchineálach ina struchtúr is a chomhdhéanamh. Struchtúir 1 mm (10-6 m) ar leithead nó níos lú a bhíonn ann, is iad ag snámh i gcomhábha(i)r eile. Samplaí is ea cúr a snámhann bolgáin aeir nó gáis eile i leacht éigin ann: cúr leanna, uachtar reoite, sobal bearrtha. Sampla eile is ea an eibleacht, páirteagail de leacht amháin ag snámh i leacht eile: bainne, maonáis, an-chuid cosmaidí. Sampla eile is ea an t-easrú, páirteagail sholadacha ag snámh i leacht: dúch, péint, múnlach. Rangaítear collóidigh ina soil, cosúil le bainne, a bhfuil iompar leachtach den chuid is mó acu, agus ina nglóthacha, cosúil le geilitin, a bhfuil iompar soladach den chuid is mó acu.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Collóideach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 161.