Ruairí Dall Ó Catháin
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | c. 1600 |
Bás | 1653 52/53 bliana d'aois |
Áit chónaithe | Doire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | cláirseoir, cumadóir |
Tréimhse ama | Glúin an 17ú aois |
Teangacha | Béarla |
Uirlis | Cláirseach |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Cláirseoir agus cumadóir ba ea Ruairí Dall Ó Catháin. Rugadh é timpeall 1580 i gContae Aontroma agus fuair sé bás timpeall 1653 i gCaisleán Eglinton i Siorrachd Inbhir Àir in iardheisceart na hAlban.
Níl d’eolas air ach an méid atá le fáil i scéalta de chuid an chláirseora Art Ó Néill (1726/1734 – 1816), scéalta a bhí inste arís ag Edward Bunting, Charlotte Milligan Fox (1911) agus Francis O’Neill.
Dúirt Ó Neill gur dhuine uasal é Ó Catháin, murab ionann is an chuid ba mhó de chláirseoirí taistil a linne. Bhí bhaint ag a mhuintir le Ciannachta i gContae Dhoire. Deirtear gur thaistil sé in Albain le cóisir agus go mbíodh sé ag siúl na tíre sin i gcuideachta daoine uaisle.[1]
Ceol agus cumadóireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cláirseach phrástéadach den seansaghas a bhí ag leithéidí an Chathánaigh, coim mhór aici agus í déanta d’adhmad sailí.[2][3] Téada miotail a bhíodh inti agus iad á dtarraingt leis na hingne. Is dócha gur dord aonlíneach a bhí ann, agus i dtaca le comhcheol de is annamh dhá nóta á seinm le chéile. An dord ag gluaiseacht an t-am ar fad, é ina ochtaigh leis an tribil uaireanta, é ag teacht roimh an líne shéise uaireanta nó mar mhacalla ina diaidh.[4]
An fonn is mó a chuirtear i leith an Chathánaigh is é "Tabhair dom do Lámh" é, fonn a foilsíodh ar dtús faoina theideal Laidine, "Da mihi manum".[5] Deirtear gur thug Ó Catháin cuairt ar Chaisleán Eglington agus gur chuir an bealach tiarnasach a bhí ag an mBanuasal Eglington olc air. Rinne siad athmhuintearas, áfach, agus chum sé an fonn sin dá bharr, rud a tharraing aird an Rí Séamas IV (Séamas I Shasana) air.
Déanann Bunting tagairt do "Seabhac Bhéal Átha Sheanaigh" mar fhonn a chum Ó Catháin le haghaidh bhainis Chathail Uí Dhomhnaill, mac Mhánas Ros Toirc i gContae Mhaigh Eo, agus Iníon Uí Mhórdha.[6]
Cuireann an taighdeoir Bruce Armstrong foinn eile i leith Uí Chatháin:
- "Lude's Supper"
- "The Terror of Death"
- "The Fiddler's Content"
- "Rorie Dall's Sister's Lament"
- "The Derry Air"
Shíl O’Neill gurbh é Ó Catháin a chum "Port Athol", "Port Gordon", and "Port Lennox".
In 2017 dúirt an taighdeoir Albanach Keith Sanger gur beag fianaise atá againn go raibh Ó Catháin ann ar chor ar bith seachas cuntas Airt Uí Néill.[7] Baineann sé tairbhe as an taighde a d’fhoilsigh Colm Ó Baoill in 1971 agus in 2007. Deir Ó Baoill nach bhfuil fianaise thathagach ann, “and until some is found we must conclude that the only relic we have of Ruairi Dall Ó Catháin is his music”.
Liosta leabhar
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Edward Bunting: The Ancient Music of Ireland (Dublin: Hodges and Smith, 1840; athchlóite ag Dublin: Walton's, 1969)
- Robert Bruce Armstrong: The Irish and the Highland Harps (Edinburgh: David Douglas, 1904).
- Charlotte Milligan Fox: Annals of the Irish Harpers (London: Smith, Elder & Co., 1911).
- Colm Ó Baoill: "Some Irish Harpers in Scotland", in Transactions of the Gaelic Society of Inverness, vol. 47 (1971–72), lgh 143–171.
- C. Ó Baoill: "Two Irish Harpers in Scotland", in Defining Strains. The Musical Life of Scots in the Seventeenth Century, in eagar ag Michael Porter (Bern etc.: Peter Lang, 2006), lgh 227–244.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Francis O'Neill: Irish Minstrels and Musicians: With Numerous Dissertations on Related Subjects (Chicago: Regan, 1913; athchlóite ag Mercier Press, 1987), lch 60.
- ↑ Rimmer, Joan (1969, 1977, 1984). The Irish Harp: Cláirseach na hÉireann. The Mercier Press. ISBN 0-85342-151-X, lch 53.
- ↑ http://www.earlygaelicharp.info/Irish_Terms/
- ↑ Yeats, Gráinne (1980). Féile na gCruitirí, Béal Feirste/The Belfast Harpers’ Festival 1972. Gael Linn. ISBN 0-86233-025-4
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
- ↑ Bunting, lch 13.
- ↑ Keith Sanger: "Mapping the Clarsach in Scotland", foilsithe ar an 31 Bealtaine 2017 ar wirestrungharp.com, lgh 16–18; ar atarraingt ar an 1 May 2020.