Jump to content

Cardiidae

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Ruacan)
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCardiidae Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtHolozoa
RíochtAnimalia
FíleamMollusca
AicmeBivalvia
OrdVeneroida
FineCardiidae Cuir in eagar ar Wikidata
Lamarck, 1809
Baineann an t-alt seo le fine mhór moileasc ina bhfuil thart ar 200 speiceas; má tá suim agat sa speiceas is coitianta ar chóstaí na hÉireann (Cerastoderma edule), féach Ruacan coiteann.

Is moileasc mara débhlaoscach inite é ruacan. Cé go dtugtar “ruacan” ar go leor débhlaoscach inite, is iad na speicis san fhine tacsanomaíochta Cardiidae na fíor-ruacain.[1]

Cónaíonn ruacain ar thránna gainimh ar foscadh timpeall an domhain. Bíonn an sliogán cruinn agus siméadrach go déthaobhach, ar dhéanamh croí nuair a bhreathnaítear air ón deireadh. Feictear easnacha gathacha, spásáilte go cothrom, ar an sliogán sa chuid is mó de na géinis; is eisceacht é Laevicardium, na ruacain uibhe, a bhfuil sliogáin an-mhín orthu.

Tá an ruacan in ann a shliogán a dhúnadh go hiomlán; is é sin le rá, níl aon “bhearna” idir an dá thaobh. Cé go bhfuil cosúlacht idir sliogán an ruacain agus an muirín mar gheall ar na heasnacha, is féidir iad a idirdhealú ó thaobh moirfeolaíochta de, sa mhéid is nach bhfuil “cluaisíní” (cnapa beaga ar cruth cluaise i ngar don inse) ag an ruacan.

Tugtar an t-ainm “ruacan” ar roinnt speiceas nach bhfuil san fhine Cardiidae; mar shampla, an ruacan con (Glycymeris glycymeris), an ruacan croí (Glossus humanus), an ruacan cruinneánach (Sphaerium corneum), agus an ruacan piseánach (Pisidium casertanum). Ar an lámh eile, ní thugtar “ruacan” ar gach speiceas de chuid Cardiidae; mar shampla, is ball den fhine é an breallach mór.

Tá níos mó ná 205 speiceas beo san fhine, agus go leor foirmeacha iontaise eile.[2]

Faightear an ruacan coiteann (Cerastoderma edule) go forleathan timpeall chóstaí Thuaisceart na hEorpa, chomh fada siar le hÉirinn, chomh fada ó thuaidh le Muir Barents, chomh fada soir leis an Iorua, agus chomh fada ó dheas leis an tSeineagáil.

  1. >MolluscaBase eds. (2022).
  2. Cardiidae (Cockles)”. Shells.tricity.wsu.edu. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-03-04. Dáta rochtana: 2012-10-13.