Rollóir Eorpach
| Coracias garrulus | |
|---|---|
| Sonraí | |
| Meánlíon in ál | 4.2 |
| Tréimhse ghoir | 18 laethanta |
| Stádas caomhnaithe | |
| Speiceas is lú imní | |
| UICN | 22682860 |
| Tacsanomaíocht | |
| Aicme | Aves |
| Ord | Coraciiformes |
| Fine | Coraciidae |
| Géineas | Coracias |
| Speiceas | Coracias garrulus Linnaeus, 1758 |
| Léarscáil de raon an tacsóin | |
Is éan é an rollóir Eorpach.[1](Coracias garrulus). Is baill d'fhine na Coraciidae é agus an t-aon bhall den fhine a phóraíonn san Eoraip. Síneann a raon foriomlán isteach sa Mheánoirthear, Lár na hÁise agus i Maracó.
Tá an rollóir Eorpach le fáil i réimse leathan gnáthóg, ag seachaint machairí gan crainn amháin. Geimhríonn sé go príomha i sabhánaí coillteacha tirime agus i machairí torracha, áit a neadaíonn sé de ghnáth i bpoill chrainn.
Tacsanomaíocht agus córasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is éin mheánmhéide an tseandomhain iad na rollóirí de ghnáthóga coillearnaí oscailte. Bíonn clúimh dhaite gheala orthu agus goba crúca. Faightear a bhformhór ó dheas ón Sahára. Tá ocht speiceas de shealgairí 'suí-agus-fanacht' sa ghéineas Coracias. Tá cuma agus iompar an rollóra Eorpaigh cosúil leis an rollóir Aibisíneach (Coracias abyssinicus), ar dealraitheach gurb é an gaol is gaire dó. Is cosúil go bhfuil sinsear coitianta ag an dá éan seo agus an cág earrfhada (Coracias caudatus) agus d’fhéadfaí a mheas go bhfuil siad ina bhfo-speiceas.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Coracias garrulus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hoyo, Josep del: "Coraciidae". Handbook of the Birds of the World Alive. (síntiús de dhíth).