Roibeard Ó Faracháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRoibeard Ó Faracháin
Beathaisnéis
Breith24 Aibreán 1909
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás29 Nollaig 1984
75 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Phádraig, Droim Conrach
Coláiste na hOllscoile Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir, craoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge

File, scríbhneoir, agus craoltóir Éireannach ab ea Roibead Ó Faracháin (Béarla: Robert Farren; 24 Aibreán 1909 – 29 Nollaig 1984).[1]

Ba as Baile Átha Cliath ó dhúchas dó, áit ar chaith sé deich mbliana mar mhúinteoir scoile agus ina stiúrthóir craolacháin ag Raidió Teilifís Éireann ina dhiaidh sin. Bhí sé ar dhuine de stiúrthóirí Amharclann na Mainistreach ó 1940 go 1973.[1]

Thosaigh sé ag scríobh dánta thart ar 1930, i mBéarla den chuid is mó. D'fhoilsigh sé bailiúchán gearrscéalta Gaeilge dar teideal Fíon gan Mhoirt sa bhliain 1938. Scríobh sé saothar criticiúil a bhfuil cáil mhór air, The Course of Irish Verse in English (1948). Cuireadh cúig cinn dá dhánta féin in The Oxford Book of Irish Verse, 17th century–20th century (curtha in eagar ag Donagh MacDonagh agus Lennox Robinson, Clarendon Press) in 1958.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]