Jump to content

Robert Redford

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRobert Redford

(2012) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Robert Redford, Jr. Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Charles Robert Redford Cuir in eagar ar Wikidata
18 Lúnasa 1936
Santa Monica, California Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Meán Fómhair 2025
89 bliana d'aois
Provo, Utah Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síInstitiúd Pratt
Ollscoil Colorado, Boulder
American Academy of Dramatic Arts (–1959)
Ardscoil Van Nuys Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheProvo
Mijas
Teanga dhúchaisBéarla
Airde179 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreAisteoireacht agus stiúradh scannán
Suíomh oibre Stáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmaisteoir scannáin, léiritheoir feidhmiúcháin, aisteoir teilifíse, aisteoir gutha, aisteoir stáitse, stiúrthóir scannán, léiritheoir scannáin, aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1959 –  2025
FostóirWarner Bros. Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraScannáin buachaillí bó, scannán drámaíochta agus scannán grinn
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileLola Van Wagenen (1958–1985), colscaradh
Sibylle Szaggars (2009–2025), bás an duine Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíSônia Braga
Sibylle Szaggars (1996–2009) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAmy Redford
 ( Lola Van Wagenen)
James Redford
 ( Lola Van Wagenen) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCharles Robert Redford  agus Martha W. Hart
Ainmnithe do
Síniú

IMDB: nm0000602 Allocine: 795 Rottentomatoes: celebrity/robert_redford Allmovie: p107758 132480 TV.com: people/robert-redford IBDB: 57307 AFI: 132480 TMDB.org: 4135
Musicbrainz: 360f0065-aff3-4a23-8cd4-e02f074f9458 Discogs: 1202919 Find a Grave: 275507194 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba aisteoir Meiriceánach é Charles Robert Redford Jr, (18 Lúnasa 1936 - 16 Meán Fómhair 2025).[1] Ba stiúrthóir scannán é chomh maith. Bhunaigh sé féile scannán Sundance freisin, agus bhí sé bainteach le Hollywood le breis agus trí scór bliain. Chomh maith lena chuid oibre scannánaíochta, bhí cáil ar Redford as a dhíograis don ghníomhaíocht chomhshaoil.[2]

Físeán (réamhbhlaiseadh) - Butch Cassidy and the Sundance Kid (1969)
The Great Waldo Pepper (1975)
Redford in 2012

Mar aisteoir, bhain sé cáil idirnáisiúnta amach as na páirteanna móra a bhí aige i leithéidí Butch Cassidy and the Sundance Kid, The Sting (a bhuaigh sé a chéad Oscar ina leith in 1973) , The Candidate, The Way We Were, All the President's Men, Three Days of the Condor, The Natural, Out of Africa agus scannáin nach iad.

Thacaigh sé le scannánóirí neamhspleácha sna Stáit Aontaithe agus bhunaigh sé Féile Sundance sna seachtóidí le deis a thabhairt dóibh a gcuid saothar a chur i láthair an phobail. Chuidigh sé le scannánóirí neamhspleácha Meiriceánacha a chothú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear Chloé Zhao, Quentin Tarantino, agus Richard Linklater.[2]

Is iomaí gradam a bhuaigh sé i gcaitheamh na mblianta, lena n-áirítear an tOscar a bronnadh air as an stiúradh a rinne sé ar Ordinary People i 1980.[1]

Ó thaobh na polaitíochta de, dúirt sé gur liobrálaí a bhí ann, mhaoinigh sé tograí comhshaoil agus thug sé le fios nár thaitin Donald Trump leis.

Bhí sé pósta faoi dhó agus maireann a chéad bhean chéile Lola Van Wagenen, beirt den cheathrar clainne a bhí acu agus a dhara bean chéile Sibylle Szaggars.

Fuair Redford bás ar an 16 Meán Fómhair 2025 in aois a naoi mbliana agus ceithre scór.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 "An t-aisteoir aitheanta Robert Redford tar éis bháis" (as ga) (2025-09-16). 
  2. 2.0 2.1 Conradh na Gaeilge, Londain (20 Meán Fómhair 2025). "Nuacht Mhall (Baile Átha Cliath)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-09-20.