Richie Conroy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRichie Conroy
Beathaisnéis
BreithContae Chill Dara Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir scripte, úrscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata

Is scríbhneoir scripte agus úrscéalaí Éireannach é Richie Conroy a oibríonn ar chláir teilifíse agus scannáin don aos óg ar Disney, RTÉ, BBC agus ar TG4. Ba é Dialann Emily Porter: An Jailtacht (LeabhairCOMHAR) a chéad úrscéal. Foilsíodh gearrscéalta dá chuid sa leabhar Saibhreas (Mentor Press). Tá aitheantas faighte aige agus bronnadh gradaim air dá shaothair go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Bhí sé ina scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2021. Is as Cill Dara dó. Is é Don Conroy a athair.

Dialann Emily Porter: Thíos Seal Thuas Seal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scéal é seo faoi Emily, cailín atá sona sásta. Tá sí san idirbhliain agus tá sí ag siúl amach le buachaill agus tá múinteoir nua ar scoil atá spreagúil, cineálta agus an-dathúil. Ach, ní fada go dtosaíonn rudaí ag dul in olcas di agus go mbíonn fadhbanna le réiteach aici. Ar a bharr sin, tá rún ag tuismitheoirí Emily a athróidh a saol go hiomlán.

Bhuaigh an saothar Dialann Emily Porter: Thíos Seal Thuas Seal an chéad duais i gComórtas A3: Ficsean do Dhaoine Óga (13-15) i gComórtais Liteartha an Oireachtais sa bhliain 2020. D’fhoilsigh LeabhairCOMHAR é sa bhliain 2021 agus bhí sé ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló 2022.

Saothair eile scriptscríbhneoireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Two by Two
  • Fran: Assistant Manager
  • The Wild Adventures of Blinky Bill
  • Roy
  • Drop Dead Weird
  • The Ugly Duckling and Me