Rialachán Adhmaid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is Rialachán Adhmaid an AE (EUTR – Rialachán (AE) Uimh. 995/2010) ann ná Rialachán de chuid an Aontais Eorpaigh den 20 Deireadh Fómhair 2010. Cuireann sé i gcoinne trádála adhmaid a baineadh go neamhdhleathach agus táirgí adhmaid atá déanta de na leithéid d’adhmad seo san AE. Cuireann sé cosc le hadhmad a baineadh go neamhdhleathach agus le táirgí atá déanta den adhmad seo a bheith á gcur ar mhargadh an AE agus leagtar síos oibleagáidí oibreoirí ann. Tá feidhm ag an Rialachán seo i ngach ballstát den AE ón 3 Márta 2013.

Rialachán an Aontais Eorpaigh:[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rialachán (AE) Uimh. 995/2010[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ina leagtar síos

oibleagáidí oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh

Arna dhéanamh ag Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle

Arna dhéanamh faoi Alt 192(1)

Tagairt san Iris L 295, 12.11.2010, lch. 23–34
Stair
Dáta a dhéanta : 20 Deireadh Fómhair 2010
I bhfeidhm ó : 3 Márta 2013
Téacsanna ullmhúcháin
Tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta : IO C 2009/318 Lch 88
Seasamh Pharlaimint na hEorpa : IO C 2009/184E Lch 145
Seasamh Pharlaimint na hEorpa : arna thabhairt ar 07/07/2010
Moladh ón gCoimisiún : Coim 2008/0644 Leagan deiridh
Nós imeachta an chomhchinnidh
Seasamh na Comhairle; IO C 2010/114E Lch 17
Reachtaíocht eile
Leasaítear : 52008PC0644

Comhthéacs[cuir in eagar | athraigh foinse]

Má bhaintear adhmad ar shlí a sháraíonn dlíthe agus rialacháin na tíre ina mbaintear é déantar lomadóireacht neamhdhleathach. Gníomhaíocht is ea í seo a imríonn tionchar tromchúiseach eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil ar chuid de na foraoiseacha is luachmhaire atá fágtha againn ar domhan agus ar na pobail a bhraitheann orthu. Cailltear ioncam, cuirtear isteach ar obair oibreoirí dlisteanacha agus tá ceangal idir í agus dífhoraoisiú, cailliúint na bithéagsúlachta agus astú gáis cheaptha teasa. Ina theannta sin leanann coimhlintí maidir le talamh agus acmhainní é, agus déantar na pobail dhúchasacha a dhíchumhachtú.

Is margadh onnmhaire tábhachtach é an AE do thíortha ina bhfuil leibhéal ard neamhdhleathachta agus drochrialachais in earnáil na foraoiseachta i réim. Dá ligfí adhmad agus táirgí adhmaid a fuarthas ó fhoinsí neamhdhleathacha isteach i margadh an AE b’fhíor go mbeadh tíortha an AE ag tacú leis an lomadóireacht neamhdhleathach.

D’fhonn tabhairt faoin bhfadhb seo d’fhorbair an AE an Plean Gníomhaíochta um Fhorfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí http://www.euflegt.efi.int/portal/ FLEGT sa bhliain 2003. Sa Phlean seo foráiltear roinnt bearta chun adhmad neamhdhleathach a eisiamh ó na margaí, chun feabhas a chur ar sholáthar adhmaid dhleathaigh agus chun éileamh ar tháirgí adhmaid a rinneadh go freagrach a chur chun cinn. Is príomhghnéithe tábhachtacha den bPlean Gnímh iad an Rialachán Adhmaid (EUTR) mar aon le Comhaontuithe Deonacha Comhpháirtíochta (comhaontuithe trádála a dhéantar le tíortha a onnmhairíonn adhmad chun cosc a chur le hadhmad neamhdhleathach a bheith á chur ar mhargadh na hEorpa).

Forbhreathnú[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhonn lomadóireacht neamhdhleathach a chomhrac ar fud an domhain toirmisceann an Rialachán Adhmaid (EUTR) adhmad a baineadh go neamhdhleathach nó táirgí a rinneadh de na leithéid d’adhmad a chur ar mhargadh an AE. Roinneann sé na daoine a thrádálann adhmad nó táirgí adhmaid ina dhá chatagóir: oibreoirí agus trádálaithe. Tá a chuid oibleagáidí sainiúla féin ar gach ceann acu.

Oibreoirí – arna sainmhíniú sa Rialachán mar na daoine siúd a chuireann adhmad nó táirgí adhmaid ar mhargadh an AE den chéad uair. Ní mór dóibhsan ‘dícheallacht chuí’ a chleachtadh. Ag an am céanna ní mór do thrádálaithe (a shainmhínítear sa Rialachán Adhmaid (EUTR) mar iad siúd a dhíolann nó a cheannaíonn adhmad nó táirgí adhmaid atá ar mhargadh an AE cheana), ní mór díobhsan eolas a choinneáil ar a gcuid soláthraithe agus custaiméirí chun gur féidir iad a rianú siar go héasca.

Dícheallacht chuí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní mór d’oibreoirí ‘dícheallacht chuí’ a chleachtadh nuair a chuireann siad adhmad nó táirgí adhmaid ar mhargadh an AE d’fhonn a chinntiú, an oiread agus is féidir, nach bhfuil siad ag trádáil adhmaid a baineadh go neamhdhleathach nó táirgí a bhfuil adhmad a baineadh go neamhdhleathach iontu. I bhfocail eile, is ionann sin agus a rá nach mór dóibh córas bainistiú riosca a chur i bhfeidhm a bhfuil trí snáithe aige:

- Eolas: Ní mór don oibreoir teacht a bheith aige ar eolas faoin adhmad agus faoi na táirgí adhmaid, faoi thír a bhainte (agus, má bhaineann, faoin réigiún fo-náisiúnta agus an deonaíocht), faoi speicis agus faoi chainníocht. Ina theannta sin caithfidh sonraí an tsoláthraí agus eolas maidir le comhlíonadh na reachtaíochta náisiúnta a bheith aige.
- Measúnú riosca: Ba chóir don oibreoir measúnú a dhéanamh ar an riosca go bhfuil adhmad neamhdhleathach sa tslabhra soláthair, de réir an eolais thuas, agus na critéir atá leagtha amach sa Rialachán Adhmaid (EUTR) a thabhairt san áireamh.
- Maolú riosca: Más léir ón measúnú nach riosca diomaibhseach é an riosca go bhféadfadh adhmad neamhdhleathach a bheith sa tslabhra soláthair is féidir an riosca seo a mhaolú trí bhreis bearta, mar shampla, tuilleadh eolais agus fíorú a lorg ón soláthraí.

Tá de rogha ag oibreoirí a gcóras dícheallachta cuí féin a fhorbairt nó úsáid a bhaint as córas atá forbartha ag eagraíocht mhonatóireachta.

An réimse táirgí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baineann an reachtaíocht le hadhmad agus táirgí adhmaid a rinneadh san AE agus leo siúd a allmhairíodh ón taobh amuigh araon. Áirítear iad seo a leanas ar na táirgí a mbaineann an reachtaíocht leo: táirgí adhmaid dhílis, cláir urláir, sraithadhmad, laíon, páipéar srl. Ní bhaineann an reachtaíocht le táirgí athchúrsáilte agus páipéar priontáilte ar nós leabhair, irisí agus páipéir nuachta.

Glactar le hadhmad agus le táirgí adhmaid a bhfuil ceadúnas bailí FLEGT (Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí) nó cead bailí CITES acu mar tháirgí a chomhlíonann riachtanais an Rialachán Adhmaid (EUTR).

Tá liosta cuimsitheach na dtáirgí a mbaineann an dlí leo ar fáil in Iarscríbhinn an Rialachán Adhmaid (EUTR): http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=CELEX:32010R0995:GA:NOT Ní bhaineann an Rialachán Adhmaid (EUTR) le daoine aonair a dhíolann nó a cheannaíonn adhmad nó táirgí adhmaid dá n-úsáid phearsanta.

Feidhmiú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Beidh an Rialachán ina cheangal i ngach ballstát den AE. Socraíonn an reachtóir i ngach tír pionóis éifeachtacha comhréireacha athchomhairleacha chun go gcomhlíonfar an Rialachán Adhmaid (EUTR). Tá údarás inniúil i ngach tír a dhéanann forfheidhmiú an Rialacháin a chomhordú. Aimsigh an t-údarás inniúil i do thír féin anseo: http://ec.europa.eu/environment/forests/pdf/list_competent_authorities.pdf

Reachtaíocht thánaisteach[cuir in eagar | athraigh foinse]

An 23 Feabhra 2012 ghlac an Coimisiún Eorpach le Rialachán tarmligthe ón gCoimisiún (AE) Uimh. 363/2012 d’fhonn reachtaíocht a rith i gcomhair na rialacha um aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí monatóireachta agus é a bhaint díobh.

De bhreis air seo ghlac an Coimisiún Eorpach le Rialachán Cur chun Feidhme ón gCoimisiún (AE) Uimh. 607/2012 ar an 6 Iúil 2012 d’fhonn a áirithiú go gcuirfear an Rialachán i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud an AE. Tugann sé mionchuntas ar na bearta measúnaithe riosca agus maolaithe riosca ar cuid den gcóras ‘dícheallachta cuí’ iad. Tugann sé mionchuntas leis, ar mhinicíocht agus cineál na scrúduithe a dhéanfaidh údaráis inniúla na mballstát ar na heagraíochtaí monatóireachta.


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh, arna ghlacadh an 20 Deireadh Fómhair 2010 agus arna fhoilsiú san Iris Oifigiúil an 12 Samhain 2010

Rialachán tarmligthe ón gCoimisiún (AE) Uimh. 363/2012 agus Rialachán Cur chun Feidhme ón gCoimisiún (AE) Uimh. 607/2012

Suíomh faoi Rialú Adhmaid an AE http://EUTR2013.europa.eu[nasc briste go buan]

Téacs maidir le Rialú Adhmaid an AE – An Coimisiún Eorpach http://ec.europa.eu/environment/forests/timber_regulation.htm Achoimre ar Rialachán Adhmaid an AE http://ec.europa.eu/environment/forests/timber_regulation.htm#products

Doiciméad treorach faoi Rialachán Adhmaid an AE http://ec.europa.eu/environment/forests/pdf/guidance_document.pdf

Bileog faoi Rialachán Adhmaid an AE http://ec.europa.eu/environment/forests/pdf/EUTR_Leaflet_EN.pdf

FLEGT http://www.euflegt.efi.int/portal/

CITES http://www.cites.org/