Riail an phéinis bhig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
siopa leabhar sna Stáit Aontaithe

Is éard is riail an phéinis bhig ann ná straitéis neamhfhoirmiúil a úsáideann údair chun cásanna leabhail a sheachaint. Rinneadh cur síos air in airteagal sa nuachtán The New York Times sa bhliain 1998:

"I gcás portráide ficseanúla a bheith inchaingne, caithfidh sé bheith chomh cruinn nach mbeadh léitheoir an leabhair in ann an dá rud a nascadh le chéile, a dúirt an tUasal Friedman. Lean sé ar aghaidh ag rá, “dá bhrí sin, tá ag dlíodóirí leabhail rud ar a dtugtar 'riail an phéinis bhig'. Bealach amháin gur féidir údair iad féin a chosaint ó chásanna leabhail ná a rá go raibh péineas beag ag carachtar”, a dúirt an tUasal Friedman. “Anois, níl aon fhear chun dul ar aghaidh agus a rá, ‘An carachtar sin leis an bhod an-bheag, sin mise!’”[1]

Rinneadh tagairt don riail seo i ndíospóid idir Michael Crowley agus Michael Crichton sa bhliain 2006. Mhaígh Crowley gur scríobh sé athbhreithniú mímhaiseach faoin úrscéal a scríobh Crichton State of Fear, leabhlaigh Crichton é mar chuir sé carachtar darb ainm "Mick Crowley" san úrscéal. B'éigneoir linbh é an carachtar, agus cuireadh síos air mar iriseoir bunaithe in Washington, D.C. agus ina chéimi ó Yale le bod beag.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]