Rex Lee Jim
Cuma
(2015) | |
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1962 63/64 bliana d'aois Rock Point, Arizona |
| Leas-Uachtarán an Náisiúin Navachóigh | |
| 11 Eanáir 2011 – 12 Bealtaine 2015 ← Ben Shelly – Jonathan Nez → | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Grúpa eitneach | Navachóigh |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Princeton |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | polaiteoir, scríbhneoir |
| Teangacha | An Navachóis agus Béarla |
Is polaiteoir agus file Navachóch é Rex Lee Jim (a rugadh in 1962). Bhí sé ina bhall de Chomhairle an Náisiúin Navachóigh ó 2003 to 2011, agus ina Leas-Uachtarán ar an Náisiún Navachóch faoin Uachtarán Ben Shelly ó 2011 go 2015.[1] Sa bhliain 1998, d'fhoilsigh sé bailiúchán filíochta trítheangach (Navachóis, Gaeilge, agus Béarla) dar teideal Dúchas / Táá Kóó Diné. Diarmuid Ó Breasláin a chuir Gaeilge ar an leabhar. Ina chuid filíochta, cuireann sé “stair, agus cultúr a mhuintire os ár gcomhair, díshealbhú, ocras, coimhlint idir an sean agus an nua, an chlann, traidisiún, bród agus dóchas don todhchaí.”[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Navajo Nation Vice President Rex Lee Jim elected chair of national health committee". Farmington Daily Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-06-07. Dáta rochtana: 2024-05-05.
- ↑ "Dúchas / Táá Kóó Diné: A Trilingual poetry collection in Navajo, Irish and English". Dáta rochtana: 2024-05-05.