Redonda

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Radharc aneas ar Redonda

Oileán neamháitrithe in Antigua agus Barbúda, náisiún sna hIndiacha Thiar in Oileáin na Fothana is ea Redonda. Tá Redonda 1.6km (1 míle) ar fad, 0.5km (.03 míle) leathan, agus 296 méadar (971 troigh) ag an bpointe is airde. Tá an t-oileán suite 56.2km (34.9 míle) siar ó dheas ón oileán Antigua, ach is é Montserrat an t-oileán is cóngaraí dó. Iarsma de sheanbholcán marbh atá ann.

Bhaist Críostóir Colambas Santa María de la Redonda ar an oileán, ach de bharr é a bheith chomh lom sceirdiúil agus atá sé, níor bhac éinne seachas na foghlaithe mara le Redonda go ndearna na Briotanaigh cuid de Antigua, coilíneacht dá gcuid ag an am, é sa bhliain 1872 ar eagla go nglacfadh na Stáit Aontaithe é agus go mbeadh fosfáití an oileáin ina seilbhse siad seo. D'éirigh na Briotanaigh as baint na bhfosfáití faoi dheireadh an Chéad Chogadh Domhanda, áfach. Tá iarsmaí den mhianadóireacht sin le feiceáil fós ar an oileán, ach is iad na sluaite éin mhara, turasóirí lae agus dornán eolaithe a bhaineann úsáid as Redonda inniu. Eisítear stampaí feiceálacha in ainm Redonda gan mórán úsáide a bheith á mbaint astu cé's moite iad a dhíol le bailitheoirí stampaí.