Jump to content

Reachtanna Chill Chainnigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Reacht Chill Chainnigh)

B'é a bhí i Reachtanna Chill Chainnigh (Statutes of Kilkenny) ná sraith de chúig reachta tríochad, rite i gCill Chainnigh sa bhliain 1367 (1366 luaite go minic ... féach thíos). Ba í an aidhm taobh thiar díobh ná srian a chur ar mheath na nGael-Normannach i dTiarnas na hÉireann.[1][2]

Tuama Lionel d'Anvers, Iarla Uladh, inabtheach Westminster

Bhí Gall-Ghaeil na hÉireann deighilte ina dhá ndream, 'tiarnaí na dteorann', nó na Sasanaigh mheata', agus an dream dílis a bhí fós sna bailte agus sna 'Contaetha Umhla'. Den dream dílis sin rinne Fear Ionad an Rí, Lionel, (an dara mac an Rí Éadbhard III) taca. B'é a sprid siúd, sprid ainGhaelach, a tháinig in uachtair i bparlaimint Chill Chainnigh.[3]

Bhí an móramh ag lucht na Páile agus b'e an dream sin a ndear spiorad ghallda na reachtanna. Mar shampla, cuireadh cosc ar an nGaeilge sa chóras cúirteanna agus i gcúrsaí tráchtála, agus cuireadh cosc ar iománaíocht a imirt faoi Reachtanna Chill Chainnigh.[4][5]

Bhí na Dlíthe scríofa  i bhFraincis ag Lionel d'Anvers, agus bunaithe ar rialacháin a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain 1351.[6]

Bhí sé de chuspóir ag Reachtanna Chill Chainnigh i 1366, i measc rudaí eile, iallach a chur ar Shasanaigh na tíre Béarla a fhoghlaim.

Bhí na Dlíthe éifeachtach ach ar éigean. Dhá chéad bhliain níos déanaí, cé gur de bhunadh na Normainne nó Shasana gach duine de na piaraí a d’fhreastail ar pharlaimint Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1541, níor thuig ach duine amháin acu Béarla.[7][fíoras?]

"Ritheadh na Reachtanna ar 18 Feabhra 1366" nó sin atá scríofa go minic. Ach chas Lionel d'Anvers leis an bparlaimint i gCill Chainnigh ar Chéadaoin an Luaithrigh. Agus de réir na foinsí ag an am, bhí Éadbhard III Shasana 40 bliain i gcoróin. Sin 18 Feabhra 1367, agus ritheadh na Dlíthe ar 5 Márta 1367 b'fhéidir.[8]

Seo mar a bhí an réamhráiteas a bhí leis na cúig reachtanna tríochad;[9]

Leagan bunaidh

"Come a la conquest de la terre Dirland et long temps apres les Englois de la dit terre userent la lang morture et vesture Engleis & furent governez & reulez et lour subjits appellez Betaghes par la lei Engleis en quel temps Dieu et St. Esglise et lour franchises solonc lour condicions tenuz en subjection et ore plusors Engleis de la dit terre guepissant la lang gis monture leys & usages Engleis vivent et se governement as maniers guise et lang des Irrois enemies et auxiant ount fait divers."

Aistriúcháin

"De bhrí, le linn gabhála na hÉireann, agus go ceann i bhfad ina dhiaidh, gur bhéas ag Sasanaigh na tíre sin teanga, nós marcaíochta, is éide na Sasanach a chleachtadh. agus iad féin is a gcuid urraí, ar a dtugtaí 'biataigh', á rialú de réir dlí Shasana - anois tá a lán de Shasanaigh na tíre sin ag séanadh teanga, béasa, nós marcaíochta, dlíthe, is nós Shasana, agus á rialú féin de réir béas, nós is teanga an namhad Éireannaigh, agus fós, bíonn a lán cleamhnas is comhcheangal idir iad is an namhaid Éireannaigh, ionas go bhfuil teanga Shasana, an umhlaíocht is dual don Rí-Thiarna, agus dlíthe Shasana, imithe i ndearmad i bhfaillí ar ár bhfo-mhuintir sa tír sin, agus onóir is gradam nach cuí ná críonna á thabhairt dár naimhde Éireannaigh."

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Máire Ní Ghallcobhair. "Siiúl Siar 3". Dáta rochtana: 2021.
  2. "The Statutes of Kilkenny | Encyclopedia.com". www.encyclopedia.com. Dáta rochtana: 2023-02-18.
  3. Tracts Relating to Ireland, Irish Arch. Soc. Hardiman
  4. forasnagaeilge.ie (2015). "Dearcadh an Phobail i leith na Gaeilge". Dáta rochtana: 2023.
  5. erc.ie. "Amlíne Iománaíochta". Dáta rochtana: 2023.
  6. May McKisack (1948). "Review of Parliaments and Councils of Medieval Ireland. Vol. I". The English Historical Review 63 (248): 367–369. ISSN 0013-8266. 
  7. dublincityofliterature.ie. "SCRÍBHNEOIREACHT I nGAEILGE". Dáta rochtana: 2023.
  8. "The Statutes of Kilkenny" (en-US). New York State Ancient Order of Hibernians. Dáta rochtana: 2023-02-18.
  9. "A Statute of the Fortieth Year of King Edward III., enacted in a parliament held in Kilkenny, A.D. 1367, before Lionel Duke of Clarence, Lord Lieutenant of Ireland.". celt.ucc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-18.

Naisc Sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]