Raga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoRaga
Nereis Cuir in eagar ar Wikidata

Nereis pelagica Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamAnnelida
AicmePolychaeta
OrdPhyllodocida
FineNereididae
GéineasNereis Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758
Ainmníocht
Ainmnithe in ómósna Néiréidí Cuir in eagar ar Wikidata

Is péist ghuaireach é an ragaruarámhach (géineas Nereis) san fhine Nereididae.[1] Tá thart ar 240 speiceas sa ghéineas, an chuid is mó acu ina gcónaí san uisce.

Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar an ruarámhach ina leabhar Cladaí Chonamara:

Cónaíonn an ruarámhach faoi chlocha íochtaracha sa gcladach. Dath rua a bhíonn uirthi agus loinnir ghorm sna ribeacha a bhíonn ag fás uirthi. Is féidir léi snámh an-luath tríd an uisce le bheith ag corraí na ribeacha sin, mar éiríonn sí amach ó na clocha nuair a thagas an taoille isteach... níl mórán feithidí eile i dtrá ná i gcladach chomh gránna léi... Bíonn cuid acu timpeall le troigh ar fhad, agus bíonn cinn óga sa treibh, freisin, chomh maith le haon treibh eile... Ní bhíonn mórán ar bith acu le feiceáil sa ngeimhreadh. Is cosúil go ndéanann siad imirce go háit eicínt eile.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Nereis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-27.
  2. Mac an Iomaire, Séamas (1985). "Cladaí Chonamara" (in ga) (2ú ed.). Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-1-85-791447-4.