Radagrafaíocht
Cuma
Táirgeadh íomhá fhótaghrafach (le fírinne, scáthíomhá) struchtúir a dtéann X-ghathanna, gáma-ghathanna nó leictreoin tríothu. Ionsúitear na radaíochtaí seo go difreálach sna hábhair is na codanna éagsúla sa struchtúr, agus táirgeann dlúis nochta dhifriúla ar an eibleacht fhótagrafach. Rinne Röntgen an chéad radagraf i 1895, agus faoi seo tá an teicníocht forbartha is in úsáid go forleathan sa mhíochaine is i gcomhair tástála neamh-mhilltí sa tionscal.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Radagrafaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 544.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |