Radaíocht Čerenkov
Cuma
Radaíocht leictreamaighnéadach a tháirgeann cáithníní luchtaithe fo-adamhacha nuair a thaistealaíonn siad trí ábhar trédhearcach ar luas níos mó ná luas forleata an tsolais san ábhar sin. D'fhionn Pavel Čerenkov an iarmhairt. Braitheann tonnfhad na radaíochta ar mhais is luas na gcáithníní. Thaispeáin Čerenkov, Frank is Tamm gur saghas tonn turrainge a tharlaíonn sa mheán faoi na cúinsí seo. Baintear feidhm as an iarmhairt chun luasanna cáithníní i dturgnaimh ar fhisic na gcáithníní a thomhas.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Radaíocht Čerenkov". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 131.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |