Ríshliocht Tang

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtRíshliocht Tang
Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(zh-cn) 唐朝 Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálhistorical Chinese state (en) Aistrigh
cultúr
stíl
tréimhse stairiúil
tír
sliocht Síneach Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deSui Tang (en) Aistrigh agus Mid-Imperial China (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht618 - 907 (Féilire Ghréagóra)
Tréimhse618 - 907
Bunaitheoir(í)An tImpire Gaozu Cuir in eagar ar Wikidata
Sui dynasty (en) Aistrigh (618)
Qi (Huang Chao) (en) Aistrigh (884)
Zhou dynasty (690–705) (en) Aistrigh (705)
Goguryeo (en) Aistrigh (668)
Gaochang Kingdom (Qu clan) (en) Aistrigh (640) Cuir in eagar ar Wikidata
Mór-roinnAn Áise Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla5,400,000 km² Cuir in eagar ar Wikidata


Ba é ríshliocht Tang a bhí ag rialú na Síne sna blianta 618-907 i ndiaidh bhreith Chríost. Tá clú agus cáil ar thréimhse na Tang mar tháinig rath ar an Sín arís. Ba é Chang'an, príomhchathair na Tang, an chathair ba mhó daonra sa domhan.

Tháinig na Tang i ndiaidh na Sui, nuair a bhris an tImpire Gaozu (a saolaíodh faoin ainm Li Yuan) an cath ar na Sui. Ba é Gaozu an chéad Impire Tang, agus bhunaigh sé an ríshliocht. Ba mhac le Gaozu é an tImpire Taizong (a saolaíodh faoin ainm Li Shimin). Ba é Taizong an dara hImpire Tang, agus bhí sé ar na himpirí ba mhó le rá i stair na Síne.

Tháinig meath ar na Tang tar éis éirí amach An Lushan san ochtú haois. Tháinig feabhas ar an scéal sa 9ú haois, ach níor mhair an feabhas seo i bhfad. Tháinig deireadh le ríshliocht Tang sa bhliain 907, nuair a fuair Zhu Wen (an tImpire Taizu) an lámh ab fhearr ar na Tang.