Ríomhaire analógach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ríomhaire a ghlacann isteach mar ionchur athróga leanúnacha leictreacha nó meicniúla (mar shampla, voltas, sruth, rothlú nó ráta rothlaithe seafta) agus a fhreagraíonn láithreach chun comharthaí cuí aschuir a ríomh. Déanann sé an phróiseáil de ghnáth le ciorcaid leictreacha le haimplitheoirí oibríocha, nó eagair chasta mheicniúla giaranna, fiacla is eile. Is córais fíorama ríomhairí analógacha de réir dúchais, agus bíodh is go bhfuil cuid mhaith de na tascanna a bhíodh acu á ndéanamh anois ag ríomhairí digiteacha, bíonn úsáidí cuí speisialta acu i gcórais rialaithe fós.