Réadóireacht stairiúil Mharsa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá stair fhada ag baint le réadóireacht Mharsa. Is fada an lá ó thosaigh na daoine ag caint agus ag scríobh faoi thuras a thabhairt ar Mhars, go háirithe nuair a tháinig an tuiscint acu nach ponc solais amháin a bhí ann, ach corpán damhna. Nuair a húsáideadh teileascóp den chéad uair tugadh gnéithe tíreolaíocha faoi deara a bhí cosúil le gréasán de chanálacha, agus dá bharr sin is iomaí alt agus scéal a cumadh faoi shibhialtachtaí aduaine agus faoi chogaí idir na pláinéid, agus rinneadh go leor scannán ficsean eolaíochta bunaithe ar na scéalta sin. De réir a chéile, áfach, agus na teileascóip agus an teicneolaíocht eile bhreathnóireachta ag dul i bhfeabhas, tuigeadh nach raibh i gceist leis na canálacha ach iomrall súl. Ní fheicfeá iad ar aon mhapa comhaimseartha de Mhars. Ón taobh eile de, is léir go bhfuil tírdhreacha millteanacha ar Mhars nach dtiocfá ar a leithéid ar dhroim an Domhain, ar nós na gcainneon móra ar a dtugtar Valles Marineris. Tá an sliabh is airde sa Ghrianchóras suite ar Mhars freisin, mar atá, Olympus Mons, agus é leathmhíle de chiliméadair ar trastomhas agus seacht gciliméadar fichead ar airde.

Táthar ag súil le fada an lá go dtabharfaidh daoine cuairt ar an bpláinéad seo, a bhíonn níos cóngaraí don Domhan de ghnáth ná pláinéad ar bith eile i gCóras na Gréine, roimh lár na haoise seo, sula dtéitear ar aghaidh go ceann ar bith eile. Chuir údarás Spáis Mheiriceá, NASA, spáslong (spástaiscéalaí gan daoine) go Mars sa bhliain 1965 (Mariner 4) a rinne an-mhapáil ar Mhars. Ina dhiaidh sin, thuirling dhá spástaiscéalaí de shraith Viking air sa bhliain 1976, rud a chuir go mór leis an eolas a bhí ag na daoine faoin bpláinéad, nó b'ansin a chonaic an cine daonna an chéad radharcra ó dhromchla Mharsa. Cuireadh spáslonga gan daoine go Mars ó Mheiriceá agus ón Eoraip sa bhliain 2004 agus is mó an fhianaise atá ann anois go bhfuil roinnt uisce faoin talamh sa phláinéad. Cé go bhfuil Mars i bhfad níos lú ná an Domhan tá an oiread céanna talún ann mar nach bhfuil aigéan ar bith ar a dhromchla.