Ráth Chrois Uaithne
Ráth Chrois Uaithne | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Suíomh seandálaíochta | |||
| ||||
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Ráth Chrois Uaithne, le cloch Oghaim in aice láimhe, suite i gContae Chill Mhantáin, Éire.
Suíomh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Ráth Chrois Uaithne suite i Buaile an Charraigín ar fána thoir theas de Chill Rannaileach sna Sléibhte Chill Mhantáin, gar do dhá fo-abha Na Sláine, agus 6.5 km ó shoir de Bhealach Conglais.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is clós fairsing é Ráth Chros Uaithne, le tomhas 65m trasna, agus achar 0.41 ha. Tá sé suite ar fána oirdheisceart de Chnoc Chill Rannaileach, dídean ón aimsir tugtha dó ó thuaidh agus ó thiar ag an gcnoc féin, ó thuaidh ag Spinans Hill níos airde, agus ó thoir ag sliabh Chéidín níos airde.
Creidtear gurbh áitreabh é Ráth Chros Uaithne de roinnt phearsana (leath)stairiúil den chéad mhíle bliain AD:
- Bhí Eochaid Doimlén as en:Ráth Imáil, rí na Laighean ina chónaí i nGleann Uí Mháil
- Creidtear go raibh Buchet, laoch an scéil den 10ú haois, Esnada Tige Buchet, ina chónaí "i nó gar do Thigh Chill Rannaileach”, ar Chnoc Chill Rannaileach.
- Sa scéal liteartha-stairiúil en:Fingal Rónáin, bhí Rónán mac Aodh ina chónaí ar nó gar do Chill Rannaileach.
Cur síos
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cruth ciorclach Ráth Chros Uaithne, a bheag nó a mhór, le banc cré agus cloch, agus móta seachtrach, mar teorainn, le banc ón taobh amuigh theas. Feictear dúshraith dhá fhoirgneamh laistigh de.[1]
Cloch Oghaim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an chloch Oghaim (CIIC 50) suite laistigh den ráth agus deirtear go dtéann sí siar go dtí AD 400–500. Léitear an inscríbhinn
- ᚛ᚃᚑᚈᚔ᚜
- VOTI nó FOTI
- b'fhéidir an tuiseal ginideach d'ainm pearsanta Votas, nó b'fhéidir gaolmhar le foth[2] (“dlí, ceart”) nó fotha[3] (“bonn, bunsraith").[4]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Ogham in 3D - Wicklow / 50. Boleycarrigeen".
- ↑ 1 foth, ceart, teideal, ar eDIL
- ↑ fotha1, bonn, ar teanglann.ie
- ↑ "BOLEYCARRIGEEN OGHAM STONE/MEGALITHIC MONUMENTS OF IRELAND.COM".