Ráitis Cháiliúla de chuid Bhreandáin Uí Bheacháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Portráid le Reginald Gray, 1953

Is éard atá ar an leathanach seo ná Ráitis Cháiliúla de chuid Bhreandáin Uí Bheacháin. Foilsíodh cuid áirithe den liosta seo ar Tuairisc.ie.[1] Aistriúcháin ón mBéarla a bhformhór.

  • "An chéad dualgas atá ar scríbhneoir cliseadh ar a thír"
  • "Ní soiniciúil atá an tÉireannach. Is amhlaidh nach bhfuil meas madra aige ar aon rud ná ar aon duine"
  • "Tá na hIosraelaigh agus na Gaeil an-chosúil lena chéile. Tá an dá dhream sách suaithinseach gur údar suime iad agus sách coimhthíoch gur údar imní iad"
  • "Fear óil mise a bhfuil fadhbanna scríbhneoireachta agam"
  • "Is geall le coillteáin i háram lucht critice, tá a fhios acu lena dhéanamh, tá sé feicthe acu chuile lá á dhéanamh ach níl cumas a dhéanta acu féin"
  • "Deirtear go bhfuil mise diamhaslach. Ach is é an diamhasla véarsaíocht ghrinn an chreidimh"
  • "Cén difríocht sa diabhal a dhéanfaidh sé, ar chlé nó ar dheis? Maraíodh scoth na bhfear ar an dá thaobh"
  • "Ar fhilleadh go Baile Átha Cliath dom, cuireadh ar triail i gcúirt airm mé agus gan mé féin i láthair, daoradh chun báis mé agus gan mé i láthair, agus mar sin dúirt mé leo go bhféadfaidís mé a chaitheamh agus gan mé i láthair"
  • "Ní ann don drochphoiblíocht seachas tuairisc do bháis"
  • "Chonaic mé comhartha ag fógairt 'Drink Canada Dry'. Agus sin a rinne mé"
  • "Sciob siad ár dtalamh, ár dteanga agus ár gcreideamh ach chinn orthu ár mbriathra a cheansú…"
  • "Ní fhaca mé cás riamh a bhí chomh hainnis sin nach bhféadfadh póilín é a dhéanamh níos measa"
  • "Má bhíonn tú ag troid ar son saoirse agus aontacht tír bheag, is ainrialaí thú: ach má bhíonn tú ag buamáil ar son dream cumhachtach, is tírghráthóir thú. Braitheann sé ar fad ar mhéid na tíre"
  • "Cloisfidh tú scéalta mar gheall orm-sa go dtí go mbeidh mé marbh agus i bhfad ina dhiaidh sin (tá súil agam)"
  • "Ní fhaca mé scéal chomh holc ariamh nár mheasaide é Garda."
  • “Arú mo chreach cad é an fhírinne?
Státseirbhísigh ó Chorca Dhuibhne
Bobarúin eile ó chladaigh Thír Chonaill
Is ó phortaigh na Gaillimhe mar bharr ar an donas!
Gaeil Bhleá Cliath faoi órchnap Fáinní
Pioneers páistiúla pollta piteánta
Maighdeana malla maola marbhánta,
Gach duine acu críochnúil cúramach cráifeach”

PÁDRAIG: Ní raibh sé as a mheabhair i gcónaí. (Ag cuimhneamh) Ní raibh sé as a mheabhair an chéad uair a bhfaca mise é, ná geall leis, bail ó Dhia air. CÁIT: Áiméin. Céard a chuir as a mheabhair é, más ea?

PÁDRAIG: An Conradh.

CÁIT: An Conradh? Cén Conradh? Conradh na Gaeilge? Dheara, chuirfeadh an dream sin duine ar bith as a mheabhair!

PÁDRAIG: Conradh fiche is a haon.

CÁIT: Ó, an pholaitíocht.

“PÁDRAIG: Níor ghoid mise faic ach an oiread agus na seansanna a bhí agam aimsir Chogadh na Saoirse! Ach bhí mé óg is amaideach an t-am sin. Anois, is mé críonna, tá aiféala orm.”

“Ná bac leis an ministir Gallda Ná lena theagasc gan éifeacht gan bhrí, Mar níl mar bhunchloch aige lena theampall Ach magairlí Annraoi rí.”

Arna n-aistriú ag Alan Titley

  • ‘Is é is culchie ann, duine a théann abhaile i gcomhair na Nollag.’
  • ‘Tosnaíonn na culchies áit a dtagann deireadh leis na tramlínte…’

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "15 ráiteas ó Bhrendan Behan ar lá a bhreithe 100 bliain ó shin…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-10.