Péist chrúcach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cúis shuntasach ainéime is drochshláinte i ndaoine i dtíortha trópaiceacha is réigiúin theo eile, a tharlaíonn de bharr néimeatóide a ghreamaíonn mar a bheadh crúca inti le líneáil na stéige bige is a shúnn fuil. Beireann na péisteanna aibí uibheacha a eisfheartar sa tuar, agus tagann na larbhaí astu. Faightear an galar nuair a éiríonn leis na larbhaí craiceann daoine atá ag obair cosnocht ar thalamh fhliuch a threá.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Péist chrúcach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 514.