Próiseas stocastach
Cuma
Sa bhfisic, próisis a chuimsíonn seicheamh imeachtaí, gan aon bhaint ag toradh imeachta amháin le toradh aon chinn eile. Ní féidir iad a réamhinsint i gceart. Mar shampla, gluaiseann adamh ar leith atá ag idirleathadh trí ghás ó imbhualadh le hadamh gáis amháin go himbhualadh eile, rud a chruthaíonn conair randamach. Nuair a bhíonn líon ollmhór cáithníní gníomhach i bpróisis randamacha, is féidir a n-iompar a láimhseáil le teicníochtaí staitistiúla.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Próisis randamacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 539.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |