Próiseáil idirbheartaíochta
Appearance
Próiseáil sonraí ar ríomhaire trí bhíthin teirminéil ina ndéantar an oibríocht mar shraith idirbheartaíochtaí. Maidir le gach idirbheartaíocht, cuireann an ríomhaire ceist tríd an teirminéal agus tugann úsáideoir an teirminéil freagra ar ais. Mar shampla, chun suíochán eitleáin a chur in áirithe, fiafraíonn an ríomhaire cén eitilt, ansin cén rang, ansin an gá béilí ar leith, agus mar sin de. Tugann úsáideoir an teirminéil freagra ar gach ceist de réir a chéile. Ag deireadh na gceisteanna, bíonn an suíochán le cur in áirithe sonraithe agus is féidir an ticéad a eisiúint.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Próiseáil idirbheartaíochta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 538.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |