Próifiliú DNA

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Próiseas bithcheimiceach chun atharthacht a chinntiú, nó coirpigh a aithint ó ábhar daonna a fágadh ag láthair coire. Saothraíodh ar dtús ag Alec Jeffreys (1950-) sa Bhreatain é. Glactar leis go bhfuil próifil DNA duine chomh sainiúil dó is a mhéarloirg, leis an dóchúlacht staitistiúil go mbeidh an phróifil chéanna ag beirt (nach leathchúplaí comhionanna iad) timpeall seans amháin i míle milliún milliún (1015). Faightear DNA i bhfuil, sreabháin, agus fíocháin eile na colainne (mar shampla, seamhan, sreabhán faighneach, gruaig, craiceann, ionga méire). Ní mór an DNA a aonrú ó shampla le heinsímí is teicníochtaí éagsúla bithcheimiceacha chun an phróifil a tháirgeadh. Is féidir próifilí a chur i gcomparáid ansin. Is iontaofa an phróiseáil bhithcheimiceach seo, agus má bhíonn cinnteacht faoi fhoinsí na samplaí bunúsacha sa tástáil, is cumasach an teicníocht aitheanta is ionannaithe í.