Leictreafóiréis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ascnamh páirteagal luchtaithe faoi thionchar réimse leictrigh, i dtuaslagáin de ghnáth. Ascnaíonn na caitiain i dtreo an phoil dhiúltaigh, agus na hainiain i dtreo an phoil dhearfaigh. Is féidir aimínaigéid a scaradh óna chéile ach aigéadacht (pH) an tuaslagáin a mhionathrú ionas gur caitiain cuid acu is ainiain an chuid eile.