Príomhroinn Indiach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sraithchomórtas cruicéid na bhfear gairmiúil is ea Príomhroinn Indiach (Béarla: Indian Premier League - IPL) ina mbíonn deich bhfoireann as deich gcathracha Indiacha san iomaíocht. Bhunaigh an Bord Rialaithe um Cruicéid san India (Béarla: Board of Control for Cricket in India - BCCI) an tsraith sa bhliain 2007.[1]

Is é an IPL an léig cruicéad is mó ar domhan agus in 2014 bhí sé sa séú háit le meántinreamh i measc na sraithe spóirt ar fad.[2] In 2010, ba é an IPL an chéad imeacht spóirt ar domhan a craoladh beo ar YouTube.[3][4] Ba é luach branda an IPL in 2019 ná US$6.3 billiún.[5]

Tá ceithre shéasúr déag de chomórtas an IPL caite. Is iad na sealbhóirí teidil IPL reatha ná na Chennai Super Kings, a bhuaigh séasúr 2021.[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]