Príomhchumhacht
Is í an phríomhchumhacht[1] an sruth ailtéarnach a bhíonn á iompar ag an bpríomhlíonra leictreachais, is é sin, an gnáthleictreachas a sholáthraítear do na tinteáin phríobháideacha, an leictreachas mar "thráchtearra". I nGaeilge labhartha, is minic a thagraítear don phríomhchumhacht leis an bhfocal "solas".
Na córais phríomhchumhachta[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bíonn córais éagsúla phríomhchumhachta in úsáid i dtíortha éagsúla, agus iad difriúil le chéile ó thaobh an voltais, na minicíochta agus na bplocóidí de. Thairis sin, bíonn caighdeáin agus modhanna oibre éagsúla in úsáid i dtíortha difriúla ó thaobh an talmhúcháin de chomh maith leis an gcosaint ar an bhforshruth agus ar an turraing leictreach.
Ní bhíonn voltas na príomhchumhachta níos airde ná 240 V ná níos ísle ná 100 V, agus bíonn an sruth 50 Hz nó 60 Hz ar mhinicíocht.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |