Polatóp

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí PolytopePolatóp
Cineálcruth geoiméadrach Cuir in eagar ar Wikidata
Grua an pholatóippolatóp () Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleadh eolais
MathWorldPolytope Cuir in eagar ar Wikidata

Sa mhatamaitic, analóg cheathairthoiseach an pholaihéadróin. Le gach pointe i spás déthoiseach, dís uimhreacha a chuirtear leis (x, y). I gcás pointe ar spás tríthoiseach, cuirtear trírín uimhreacha leis (x, y, z). Sa mhodh céanna, seans gur féidir pointe i spás n-thoiseach a lua le tacar uimhreacha (x1, x2, x3,... xn). I bpolatóip rialta bíonn polaihéadróin rialta thríthoiseacha mar aghaidheanna acu. Bíodh is gur cruthaíodh nach bhfuil ach 5 pholaihéadrán rialta sa spás tríthoiseach, cruthaíodh go bhfuil 6 pholatóp rialta i spás ceathairthoiseach is 3 pholatóp rialta i spás cúigthoiseach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Polatóp". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 531.