Polaragrafaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staidéar ar an ngaol idir an sruth is an voltas i gcill leictriceimiceach. Chuige seo, athraítear voltas na leictreoide gníomhaí sa chill leictriceimiceach go forchéimnitheach i leith caighdeáin tagartha, agus tomhaistear an sruth. Bíonn méaduithe géara srutha ag voltais ar leith sainiúil d'iain ar leith sa tuaslagán leictrilíteach, agus is féidir iad a úsáid le haghaidh anailíse cainníochtúla is cáilíochtúla.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Polaragrafaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 531.