Polamorfacht i bhfad na mbloghanna gearrtha
Appearance
Seichimh shrianta chlónaithe DNA is féidir a úsáid i ngéinmhapáil i modhanna traidisiúnta anailíse géinití (RFLP i mBéarla). Sa talmhaíocht, is mór an chabhair í i mapáil is anailís tréithe cainníochtúla cosúil le frithsheasmhacht i gcoinne galar, caighdeán próiseála nó toilleadh toraidh, agus simplíonn is luasghéaraíonn sé seo pórú géinitíopaí a iompraíonn cumaisc tréithe a bheadh inmhianaithe.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Polamorfacht i bhfad na mbloghanna gearrtha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 531.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |