Pokémon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is sraith meáin é Pokémon a tháinig ar an bhfód sa bhliain 1996 arna chumadh ag Satoshi Tajiri le dhá fhíschluiche pucóid, Pokémon Green agus Pokémon Red. Is é Pokémon an tsraith cluiche is mó ar domhan, tar éis Mario sa lá atá inniu ann. Tá níos mó ná tríocha cluiche Pokémon ann anois, chomh maith le clár teilifíse agus cluiche cártaí. Tá aithne ar an tsraith agus ar na carachtair go háirithe Pikachu ar fud an domhain.

Forbhreathnú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn na cluichí ríomhaire an-chosúil lena chéile. I ngach cluiche, nach mór, bíonn an t-imreoir mar thraenálaí Pokémon. Siúlann tú timpeall an domhain le do Pokémon, mar aidhm a bheith an traenálaí is fearr. Sa scéal, troideann tú le traenálaithe eile, agus na hocht Gym Leaders. Nuair a bhuann tú i gcoinne na Leaders, faigheann tú suaitheantais. Ag deireadh na cluiche, téann tú go dtí an Pokémon League, agus b'fhéidir go mbeadh tú i do mháistir Pokémon!

Sa cluiche, is é do phost chun féachaint ar, ghabháil agus traenáil gach Pokémon don domhain. Tá na eolas bailithe ar an Pokédex, saghas chiclipéid Pokémon. Caitear tú na Pokémon i Pokéballs, (sféir meicniúil).

Mar a deirtear cheana, baineann a lán marsantachta le Pokémon. Tá an cluiche cártaí an-chosúil le cluichí cártaí eile, cosúil le Magic: The Gathering agus Yu-Gi-Oh. Tá clár teilifíse ann, faoin Ash Ketchum agus a chompánaigh. Tá an scéal an-chosúil leis na físchluichí. Tá níos mó ná ocht scannán déag ag baint le Pokémon ann freisin.

Inniu, tá 720 Pokémon scaoilte go h-oifigiuil ann, leis an séú glúin do chluichí. Tá 18 Types (cineál) ann de na Pokémon, agus tá gach Pokémon i gcineál amháin nó dhá chineál, de réir a dtréithe. Is iad: Normal, Fighting, Fire, Water, Flying, Grass, Poison, Electric, Ground, Psychic, Rock, Ice, Bug, Dragon, Ghost, Dark, Steel agus Fairy na cineáil sa domhain Pokémon. Tá na cineál an-tábhachtach sna cluichí, mar tá Water Pokémon níos fearr ná Fire Pokémon agus iad ag troid. Tá láidreachtaí agus laigí le gach cineál. Sa cluiche ríomhaire, phioc do Rival (cara páistiuil de ghnáth) an Pokémon níos fearr mar gheall ar na cineálacha ná do Pokémon. Tá sé tábhachtach a traenáil Pokémon eile, chun clúdach a chur ar do laigí.

Tá na Pokémon anseo iomráiteach, mar tá siad na chéad Pokémon ar bhuail tú leis ar dtús d'eachtra. Piocann tú Pokémon amháin as trí de ghnáth, agus tá siad do chompánach sna cluiche. Déanann tú an rud céanna i ngach cluiche ach tá Pokémon difriúil iontu. Is iad Bulbasaur (an tosaitheoir Grass), Charmander (an tosaitheoir Fire) agus Squirtle (an tosaitheoir Water) na tosaitheoirí sna cluichí Blue (nó Green sa tSeapáin), Red, agus na cluichí athdhéanta FireRed, agus LeafGreen. Is é Pikachu (cineál Electric) ina aonar mar thosaitheoir sa chluiche Yellow. Is iad Chikorita, Cyndaquil, agus Totodile na tosaitheoirí sna cluichí Gold, Silver, Crystal agus sna cluichí athdhéanta HeartGold agus SoulSilver. Is iad Treecko, Torchic, agus Mudkip na tosaitheoirí sna cluichí Ruby, Sapphire, Emerald, agus sna cluichí athdhéanta OmegaRuby agus AlphaSapphire. Tá Turtwig, Chimchar, agus Piplup ann i Diamond, Pearl agus Platinum mar tosaitheoirí. Is iad Snivy, Tepig agus Oshawott na tosaitheoirí sna cluichí Black, White, Black 2 agus White 2. Sna leagain X agus Y, is iad Chespin, Fennekin agus Froakie na tosaitheoirí. Scaoltar na cluichí is nua 'OmegaRuby agus AlphaSapphire' ar an domhan i Mí na Samhna 2014. Is as glúin a sé iad, agus imrítear iad ar fine na gconsól Nintendo 3DS.

Carachtair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bulbasaur #001[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is Grass/Poison Pokémon iad Bulbasaur. Tá síol mór ar a n-droim. Fás an síol leis an Pokémon, agus bíonn siad ábalta maireachtáil ar feadh cúpla lae, gan aon rud a ithe, mar stóráil siad fuinneamh ina tsíol. San tSeapáin, Fushigidane is ainm díobh.

Charmander #004[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is laghairt iad Charmander. Is Fire Types iad Charmander. Tá dóiteán beag ar an deireadh a n-earr. Nuair a bhíonn sé ag cur baistí beidh deatach ag teacht amach as an dóiteán. Déanann na dóiteáin fuaim bheag, tá tú ábalta an doitean a chloisteáil in áiteanna ciúine. Nuair atá Charmander tinn, níl aon dóiteán dó geal. Hitokage is ainm díobh sa tSeapáin.

Squirtle #007[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is Water Types iad Squirtle. Is turtair beag iad Squirtle. San tSeapáin, Zenigame is ainm díobh. Tar éis a mbreithe, fásann Squirtle sliogáin. Nuair a bhíonn siad i dtrioblóid, téann siad i bhfolach ina tsliogán.

Pikachu #025[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is príomh-Pokémon sa chlár teilifíse agus an siombail don saincheadúnas é Pikachu. Is luch leictreach iad Pikachu, agus is Electric Type iad. Nuair a bhíonn siad i ngrúpa lena chéile, déanann siad scamaill tintreach. Tá siad ábalta sméara a chócaráil lena eireaball. Má theagmhaíonn tú a eireaball, bheadh tú gortaithe ag an leictreachas.

Mewtwo #150[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is clón é Mewtwo, a rinne eolaithe Mewtwo tar éis scrúdaithe DNA ar an Pokémon Mew. Ní cheapann Mewtwo faoi aon rud ach an troid. Smaoineamh daoine go bhfuil Mewtwo an Pokémon níos cumhachtaí. Bhí Mewtwo ina phríomhcharactar sa chéad scannán. Is Psychic Pokémon é Mewtwo. Fuair Mewtwo beirt "Mega Evolutions" sa séú glúin, cineál éabhlóid sealadach. Glaoitear "Mega Mewtwo X" agus "Mega Mewtwo Y" iad, agus tá na "Mega Stones" ("clocha Mega") ar fáil sna cluichí faoi seach.

Togepi #17[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chonacthas Togepi ón tús sa tsraith theilifíse. Is cineál Normal/Fairy (Normal roimh glúin a sé), iad Togepi. Tá na Pokémon seo an-cáiliúil cosúil le Pikachu. Cuireann Togepi ádh ar a úinéir. Togepy is ainm oifigiúil do Togepi sa tSeapáin.