Pointe athchasta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa mhatamaitic, pointe ag a n-athraíonn cuar a staid cuasachta ó bheith cuasach thuas go cuasach thíos, nó a mhalairt. Má scríobhtar an cuar i gcomhordanáidí Cairtéiseacha, x is y, is coinníoll riachtanach gur d2y/dx2 = 0 ag an bpointe chun gur pointe athchasta é, ach ní leor an coinníoll é. Is gá freisin go n-athraíonn a shín ó + go – nó a mhalairt ag dul tríd an bpointe sin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Pointe athchasta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 528.